Critisims

 

Léirmheas ar an Scannán ‘Cáca Milisle Brian Lynch

 

Is traigéide dhochraideach[1] a dhéanann imprisean atá suaiteach go mór[2] orainne mar lucht féachana. Ar an gcéad amharc is finnéithe súl[3] sinne ar dhúnmharú fuarchroíoch a dhéanann bean mhailíseach ar fhear dhall saonta lena mbuaileann sí ar an traein. Is fíor gan amhras go mbíonn drochnósanna ag an dall.  Is beag den dea-bhéas atá aige. Itheann sé a cháca milis ar bhealach déistineach, ar nós muice gránna.  Tá sé ró-thógtha leis féin agus lena riachtanais féin nach dtugann sé aire ar bith ar theorainneacha pearsanta idir é féin agus a chomhphaisinéir.  Ach nárbh fhéidir leis an mbean dul go dtí suíochán eile?  Ní raibh ach paisinéir amháin eile sa charráiste ina raibh sí?  Cén fáth nár fhág sí a suíochán?  Cén fáth gur fhan agus go ndearna sí a gníomh marfach?

 

Tá na freagraí ar na ceisteanna sin agus ar a neart eile tugtha dúinn sa scannán féin.  Tosaíonn an scannán le seatanna[4] de bhean óg, Catherine, agus dá máthair bhreoite ag teacht chun an stáisiúin i gcarr. Is léir ón chomhrá sa charr go bhfuil saol cráite ag an bhean óg a bhíonn ag tabhairt aire dá máthair mhíchumasaithe[5] gan sos sásúil ón obair sin. Tuigimid gur easlán í an mháthair nuair a thugtar seat tapa de chúl an chairr ina bhfuil cathaoir rotha fhillte le feiceáil.  Is léir freisin nach n-éiríonn le Catherine éalú ón obair thuirsiúil seo go ró-mhinic ach oiread mar nuair a fhiafraíonn a máthair di an mbeidh sí ar ais le aghaidh tae an oíche chéanna, freagraíonn Catherine le hosna ina glór ‘Nach mbím i gcónaí?’

 

Lá saoirse do chime dualgais[6] atá ag Catherine agus seachas an tsaoirse dheathuillte[7] agus an faoiseamh lae ó phríosún a saoil phearsanta, tá riachtanais eile ag Catherine; riachtanais mhothálacha[8] nach féidir léi a shásamh ach oiread.  Déantar seatanna tapa i gcaitheamh an turais chinniúnaigh seo de leabhar rómánsach a bhíonn á léamh aici.  Tugtar le tuiscint dúinn go bhfuil Catherine ag iarraidh éalú ar feadh aon tráthnóna amháin go dtí tír aislingeach álainn a samhlaíochta féin, go dtí saol an ghrá phaiseanta agus an dlúthchaidrimh.   Agus fad is a bhíonn sí ag iarraidh éalú, anseo díreach os a comhair amach ina steillbheatha[9] atá an ghránnacht dhéistineach úd óna bhfuil sí ag iarraidh éalú.  B’fhéidir gurb é sin an chúis nach féidir léi imeacht ó áit a míchompoird go dtí suíochán ar bith eile mar tá taithí aici ar a leithéid de shuíomh ina saol laethúil agus go ag leibhéal áirithe go fo-chomhfhiosach[10] ní bhíonn Catherine choíche ag súil lena mhalairt.

 

Sa tslí mhíchothrom chéanna cuireann iompar sáiteach[11] an daill lena iarratais bhómánta gan stad i gcuimhne do Catherine a coinníollacha pearsanta féin sa bhaile ina mbíonn a máthair de shíor ag cur cosc ar aon dóchas a bheadh aici aislingí a croí-se a chur i gcrích.  Roghnaigh an t-údar, Brian Lynch, cáca bándearg milis mar mheafar de gach rud atá mícheart i saol Catherine.  Tá Catherine ar lorg píosa de ‘cháca milis’ ina saol féin ach cad a fheiceann sí os a coinne sa charráiste ach an cáca milis sin truaillithe ag ionchollú den ghránnacht úd atá ag milleadh a saoil[12] gach lá. Agus is siombail freisin, dar liom, daille an fhir, daille agus neamhshuim iomlán[13] an tsaoil maidir leis an ifreann laethúil a bhíonn le fulaingt aici. Ansin díreach mar atá á dhéanamh ag an saol ar Catherine sa bhaile, tairgeann an dall sa traein cáca atá millte salaithe agus truaillithe go hiomlán aige siúd di. I súile Catherine is masla agus comhartha drochmheasa ar fad uirthi an tairiscint sotalach seo – nach fiú ise agus a saol i bhfad níos mó ná fuíoll bréan ó bhéal na déistine seo[14]? Níl dabht ach go gcuireann an tairiscint masmas[15] agus uafás uirthi. Feiceann Catherine gach olc dá saol ionchollaithe san fhear os a comhair.  Agus is as an mhasmas, as an cholg[16]agus as an fhuath seo a n-eascraíonn gníomhartha mailíseacha i gcroí Catherine.  Anois faigheann sí a seans faoi dheireadh díoltas a imirt, cúiteamh a fháil ar gach éagóir a dhéanann agus a rinne an saol uirthi agus baineann sí an díoltas sin amach gan trua gan taise ar an dall bocht saonta os a comhair.

 

Nuair a deir Catherine go bhfuil péist sa cháca milis, is dócha go bhfuil sí ag cuimhneamh ar an phéist úd atá i gcáca milis a saoil féin agus amhail dall, ní airíonn sise ach oiread go mbíonn péist a frustrachais á hithe de shíor.  Níl spás ná aon ‘aer’ i saol Catherine ach oiread.  Amhail an fear dall, tá Catherine ‘ar cheann de na cásanna is measa’ agus í á plúchadh sa suíomh laethúil ina mbíonn sí.  Is scáthán an uafáis, mar sin, an fear dall asmach[17] seo os a coinne ar gach gné dá saol – daoine dalla éadóchasacha iad araon lena lámha spréite amach ar lorg aeir.  Tógann Catherine an t-ionanálaitheoir suas as aice an daill.  In a hintinn féin, maróidh sise an t-olc seo ina saol, amhail Dorian Gray thuas ina áiléar le scian ina lámh, ceapann Catherine gur féidir léise an t-olc atá á creimeadh a dhíbirt trí mharú an fhír dhaill os a coinne.

 

Is fadhb thragóideach é seo a tharlaíonn go minic i saol an chine dhaonna. As an bhfadhb shíceolaíoch chéanna a bhfásann an ciníochas, ansmacht agus géarleanúint mharfach[18] na ndeachtóirí brúidiúla, amhail Hitler agus Stalin.  Is fusa go mór i gcónaí cúis ár bpéine a aithint i gceap éigin milleáin [19]ná é a chuardach ionainn féin agus é a réiteach.  Dá mbeadh aon duine eile sa charráiste seachas Catherine, ní bheadh sa phaisinéir dall ar an traein tuaithe seo ach fear éigin saonta bearránach[20]. Ach do Catherine, ba scáthán uafásach é de gach rud a bhí mícheart ina saol, de gach rud a bhí lochtach agus a chuir bóthar nádúrtha a saoil phearsanta chun aimhleasa mhilltigh[21].  Go tobann, briseann rud éigin i gcroí na mná óige agus déanann sí a comhphaisinéir a dhúnmharú gan trócaire, gan mhairg ná scrupall[22].



[1] distressing tragedy

[2] ..that is deeply disturbing

[3] eye-witnesses – finné m(~; ~ithe)

[4] (camera) shot – seat m(~; ~anna)

[5] disabled

[6] for a prisoner of duty

[7] well-earned

[8] emotional needs

[9] large as life

[10] subconsciously

[11] intrusive behaviour

[12] polluted by the manifestation of that same ugliness that is destroying her life

[13] blindness and total disregard

[14] the foul residue from the mouth of this abhorrence

[15] nausea

[16] rage, fury

[17] asthmatic

[18] racism, tyranny, and deadly persecution

[19] Some scapegoat

[20] annoying

[21] into a pernicious ruination

[22] without the slightest remorse