Bás Mandela

Réabhlóideach frith-apartheid ea ba Nelson Mandela. Chaith sé tréimhsí fada i bpríosún ar son a phrionsabal daonna ach sa deireadh d’éirigh sé ina uachtarán ar an Afraic Theas ar feadh cúig bliana idir 1994-1999.  Ba é Nelson Mandela an chéad uachtarán gorm ar an Afraic Theas. Dhírigh a rialtas ar dhíchóimeáil oidhreacht na cinedheighilte trí dhul i ngleic le ciníochas institiúideach, le bochtaineacht na hAfraice Theas, agus leis an éagothroime shibhialta a bhí go forleathan sa tír.

 
Rugadh Mandela sa teaghlach ríoga, Themb, d’fhreastail sé ar an Ollscoil agus rinne sé staidéar ar an dlí.  Bhí Mandela ina chónaí in Johannesburg, áit ar ghlac sé páirt sa pholaitíocht fhrith-choilíneach. Tháinig sé isteach san ANC agus bhí sé ar dhuine de na bunaitheoirí den tSraith Óige. Tar éis do theacht Pháirtí Náisiúnta na hAfraice Theas chun cumhachta i 1948, thóg Mandela páirt ghníomhach san Fheachtas Dúshláin (Defiance Campaign) den ANC, nuair a ceapadh é ina cheannfort ar an gcaibidil Transvaal den eagraíocht. Ag obair mar dhlíodóir, bhí sé gafa ag na húdaráis arís agus arís eile le haghaidh gníomhaíochtaí ceannairceacha (rebellious activities) agus, i leith a cheannaireachta ar pholasaithe an ANC i gcoitinne. Cúisíodh ach níor ciontaíodh é i dTriail um Thréas idir na blianta 1956-1961. Cé go raibh Mandela ar son modhanna neamhshíochánta sa choimhlint in aghaidh na cindheighilte ar dtús nuair a bhunaigh sé an Umkhonto we Sizwe míleatach (MK) i 1961 i gcomhar le Páirtí Cumannach na hAfraice chun feachtais sabaitéireachta (sabotage campaigns) i gcoinne an rialtais apartheid a eagrú, tháinig sé ar athrú meoin de réir a chéile. Sa bhliain 1962 gabhadh agus ciontaíodh Mandela i gcomhcheilg in aghaidh an Stáit. Daoradh é chun príosúnacht saoil.

 
Chaith Mandela 27 mbliana i bpríosún, ar dtús ar Oileán Robben, agus níos déanaí i bpríosún Pollsmoor agus i bpríosún Verster Victor. Bunaíodh agus troideadh a lán feachtas idirnáisiúnta d’fhonn Mandela a scaoileadh saor. Faoi dheireadh sa bhliain 1990 bhí ar na húdaráis Mandela a shaoradh mar gheall ar an mhéadú mór a tháinig ar an achrann sibhialta sa tír ag an am.

 

D’fhoilsigh Mandela a dhírbheathaisnéis: ‘An tSiúlóid Fhada Chun na Saoirse’ sa bhliain 1994 agus d’oscail sé idirbheartaíocht sa bhliain chéanna leis an uachtarán F.W. de Klerk maidir le conas arbh fhéidir an córas apartheid a chur ar ceal go huile agus go hiomlán. Cuireadh toghcháin iltaobhacha a ar bun i 1994 inar bhain Mandela agus an ANC bua ábhalmhór (landslide victory) amach.  Buíochas le polasaithe ciallmhara críonna agus stuama de chuid Mandela agus é ina chéad Uachtarán gorm ar an Afraic Theas, maolaíodh go mór ar na teannais idirchiníocha (inter-racial tensions) sa tír iomlán. Mar shampla den stuamacht nithiúil seo is féidir an tslí ar chaith sé lena lucht freasúra le linn na mblianta coimhlinte nuair a bhain sé féin cumhacht amach i 1994. In ainneoin na drochíde a tugadh dósan i bpríosún agus in ainneoin na mblianta fada a bhí fulaingthe aige,  bhuaigh an tUasal Mandela ardmheas mhuintir an Domhan nuair a thaispeáin sé os comhair an tsaoil mhóir go raibh sé réidh maithiúnas iomlán a thabhairt do lucht a ghéarleanúna.

 

 

Go hidirnáisiúnta ghníomhaigh Mandela mar idirghabhálaí (mediator) idir an Libia agus an Ríocht Aontaithe sa triail um bhuamáil Eitilte Pan Am 103, agus rinne sé maoirseacht (supervising) ar an idirghabháil míleata (military intervention) i Leosóta . Dhiúltaigh sé post an Uachtaráin a ghlacadh don dara téarma, agus tháinig a ionadaí, Thabo Mbeki i gcumhacht ina áit. Ach b’fheiceálach Mandela mar sinsearach,  ag  díriú  ar  obair charthanachta ar son eagraíochtaí idirnáisiúnta  ar  fud  an  domhain agus  i  mbun  oibre chun SEIF (Siondróm Easpa Imdhíonachta Faighte – AIDS) a chur faoi smacht tríd an  Fhondúireacht Nelson Mandela .

 

Gan tagairt a dhéanamh ar an iliomad duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta atá buaite ag an laoch daonna ollmhór seo, níl dabht ar bith ach go mbeidh cuimhne go deo ar Mandela mar dhuine de na gníomhaithe is tábhachtaí riamh i stair nua-aoiseach an chine dhaonna.  Más mór é an caillteanas dúinn – imeacht Nelson Mandela mar cheannaire agus mar ghníomhaí forchéimnitheach (as a progressive activist), is mó go mór iad a oidhreacht dóchais agus a ghrá daonna a d’fhág sé dá mhuintir féin, do mhuintir uile ha hAfraice agus don Domhan go léir.

 

Comments are closed