Gafa – Summary

“Cur síos ar an gcaidreamh nua-aoiseach i gcúrsaí teaghlaigh is ábhar don leabhar Gafa.” An ráiteas sin a phlé. (Páipéar Samplach)

 Ní dóigh liom gur féidir aontú go huile agus go hiomlán leis an ráiteas thuas mar dá mba rud é gurbh amhlaidh atá, ní bheadh mórán dóchais fagtha ag an chine daonna in aon chor.  Gan aon amhras bíonn eilimintí de ghnéithe diúltacha an chaidrimh teaghlaigh (negative aspects of family reltionships) i gcásanna áirithe atá dulta chun ainchinn Ithat have become chronic) ar fad le féiceáil go soiléir sa scéal.  Orthu siúd atá an easpa cumarsáide fiúntaí idir baill den teaghlach, dúmhál mothúchanach (emotional blackmail), drochanáil chutúr na ndrugaí agus an andúileachais (the pernicious influence of the drug culture and addiction) .

Is iomaí fáth sa scéal ‘Gafa’ a chúisíonn an easpa thragóideach cumarsáide idir baill de theaghlach Uí Fhloinn. I dtosach an scéil nuair a fhaigheann Eithne na giúirléidí (implements) faoi leaba Eoin, ní éiríonn léi an misneach a fháil chun aghaidh a thabhairt ar Eoin (she doesn’t manage to fine the courae to confront Eoin) le fáil amach uaidh cad a bhíonn i ndáiríre ar siúl aige.  Feicimid anseo an séanadh clasaiceach (classic denial), is é sin gur fearr le hEithne glacadh le bréaga baotha (follish lies) in ionad féachaint ar an fhírinne ghránna os a comhair amach.  Nach minic a chloisimid tuismitheoirí a rá “Ní dhéanfainn mo mhacsa no m’iníonsa a leithéid”.  Níos déanaí sa scéal tuigtear d’Eithne go bhfuil máthair Chillian saonta’ (naive) nuair a deir sí léi ar an bhfón nach mbeadh “.. aon bhaint aigesean (ag Cillian) le drugaí nó a leithéidí..”  Ach nach raibh Eithne gach pioc chomh dall maidir lena mac féin i dtosach an scéil.  Sin úsáid chliste den íoróin ag an údar dar liomsa.  Is éasca i gcónaí laigí agus lochtanna dhaoine eile a aimsiú (to find the weaknesses and faults of other people).

Ní amháin easpa misnigh Eithne chun dul i ngleic leis an bhfadhb mhór phráinneach atá ag bagairt ar a mac (to get to grips with the huge urgent problem that is threatening her son) agus ar an teaghlach uile ach is léir faraor sula dtéimid i bhfad isteach sa scéal go bhfuil teaghlach mífheidhmiúil ar fad á chur inár láthair (that a totally dysfunctional family is being presented to us). Tá Sinéad, deirfiúr Eoin, sáite isteach sa teilifís ag breathnú ar a cuid sobal, Tá Breandán, an t-athair, ag suírí le hAmy (having an affair wiht Amy), rúnaí óg na scoile ina mbíonn sé ag obair agus é á dhúmhal ag a mhac féin a tháinig orthu agus iad ag spallaíocht (flirting) agus ag pógadh a chéile i gcúinne bialainne éigin i lár na cathrach.  Cén fáth nach ndéanann Eithne an scéal a phlé go hoscailte le Breandán?  Cén fáth gur iompar Breandán é féin go neamhfhreagrach (irresponsibly) ar fad maidir lena mhac féin? Ní amháin an easpa cumarsáide, dar liomsa, agus tá rud éigin níos díobhálaí (more deleterious)agus níos tubaistí taobh thiar den bhriseadh ar an gcumarsáid fhollain (behind the breakdown in healthy communication) agus an meathlú caidrimh idir baill den teaghlach seo.

Bíonn dúmhál mothúchánach i ngach teaghlach faraor.  Ní gá dúinn ach féachaint ar dhráma clasaiceach de Shakespeare ‘King Lear’ chun an damáiste agus an anachain (calamity) a eascraíonn aníos de dheasca an dúmháil mhothúchánaigh dhochuimsithe. Ach cé i gcás an Rí Lear gurbh é an t-uabhar ainciseach (malignant pride) is cúis lena thurnamh iomlán (is the reason for his total demise), i gcás mhuintir Uí Fhoinn is é caill a gcompáis mhorálta (the loss of their moral compass).  Ní léir don léitheoir go bhfuil aon treoir sheactrach (any external guidance) ag an teaghlach seo taobh amuigh dá gcúraimí féin (outside their own interests).  Tá Sinéad bailithe suas i saol fantaisíochta an tsobail ‘Home & Away”. Tá Eithne ina cime (prisoner) sa teach cé go bhfaigheann sí post dí féin tar éis imeacht Breandáin. Tá Breandán ina chaimiléir meata (breandán is a cowardly cheat) ag súirí le bean eile in ionad ómós agus aire a thabhairt dá bhean chéile féin agus dá gclann.  Agus tá Eoin caillte ar fad – buachaill le carachtar lag ar féidir a threorú ar bhealach a aimhleasa (whom it is easy to lead astray) gan mórán dua ar chor ar bith.  Feictear domsa nach bhfuil aon snáithín morálta (aon moral fibre)in aon duine den cheathrar atá léirithe dúinn san urscéal seo. B’fhéidir gur gné shuntasach (a distinctive trait) den teaghlach nua-aoiseach é nach bhfuil cúrsaí creidimh chomh láidir is a bhí fiche nó daichead de bhlianta ó shin.  Bíonn claonadh (tendency) ar a lán daoine a gcúraimí pearsanta a chur roimh mhaith na sochaí i gcoitinne (before the good of society in general).  “Cad a theastaíonn uaimse!” in ionad “..cad é leas mo pharóiste agus mo mhuintire féin?” Nuair a chailleann duine talamh na morláltachta uachtair (when a person loses the high moral ground), éiríonn sé thar bheith deacair dó nó di údarás fiúntach (meaningful authority) ar bith bheith acu le daoine eile.  Féachaimid é seo sa scéal nuair nach féidir le Breandán smacht a chur ar a mhac (to discipline his son) mar mar níl údarás ar bith fágtha aige i súile Eoin.  Ciallaíonn an méid sin nach féidir aon chumarsáid fholláin a bheith ar siúl sa teaghlach tragóideach seo atá daortha chun oidhe that is doomed to destruction).

Ach bíonn an saol lasmuigh den teach an-difriúil sa lá atá inniu ann agus is cinnte go mbíonn tionchar (influence) an-mhór ag an ‘saol nua-aoiseach seo’ ar an chaidreamh taobh istigh de theaghlach nua-aimseartha ar bith.  Seachas an teicneolaíocht (nach bhfuil mórán de i ndáiríre le feiceáil sa leabhar ‘Gafa’) tá fadhb mhór na ndrugaí ag forbairt as cuimse sa tír seo ar fad.  Bíonn sé i bhfad níos éasca inniu don duine óg lámh a chur ar alcól agus ar dhrugaí contúireacha más mian leis nó léi é sin a dhéanamh (if he or she wishes to do so).  Feictear domsa go mbíonn na radhairc i dTigh Mad Benny sa leabhar seo an réalaíoch. Tá iompar na mBrádach go huafásach scéiniúil (horrifically terrifying) i gcodanna den scéal. Go háirithe i gcaibidil a seacht déag ina maraítear Eoin bocht go mall réidh gan taise gan trócaire (without pity or mercy) agus an tslí fhuarchúiseach (indifferent) ina n-ólann an Brádach Mór canna Carlsberg agus é ag gáire tar éis dó Eoin bocht a sheoladh ar bhealach a bháis. Is éasca, gan amhras, contúirtí shaol na ndrugaí agus an andúileachais a shamhlú agus iad ag cur isteach ar shaol teaghlaigh nua-aoisigh ar bith, agus déantar é sin a chur os ár gcomhair go han-éifeachtach ar leathanaigh leabhar Uí Laighléis.

Mar fhocal scoir, áfach, cé go n-aontaím go hiomlán go mbíonn eilimintí den chaidreamh nua-aoiseach an teaghlaigh le sonrú (that there are elements of a modern family relationship to be noted) sa scéal ‘Gafa’ ní gnáththaghlach é teaghlach Uí Fhoinn, buíochas le Dia, ach teaghlach, dar liomsa, a chaill an chumarsáid mhacánta eatarthu féin, a dtreoir mhorálta agus, ar ndóigh, a gcumas aire chuí gheanúil a chothú dá chéile (their ability to foster an appropriate loving care for one another).