Amach_Achoimre

AMACH

le hAlan Titley

 

Caibidil a hAon

Sa chéad chaibidil, buailimid le déagóir, príomhcharachtar an úrscéil ghearr seo atá ina amhas ceart de réir gach dealraimh. Téann sé amach chun bualadh lena bheirt chairde maithe – Gobdá agus Grúng, Gráinne an t-ainm ceart atá ar Ghrúng, ach tugann gach duine Grúng uirthi. Is é Gobdá an cara is fearr atá ag an údar – buachaill ar a bhfuil cluas amháin níos airde ná an ceann eile agus ag a mbíonn nósanna gránna. Mar shampla, coimeádann a chuid ingne ina phóca agus déanann sé iad a chogaint nuair a thagann eagla air.  Iompraíonn Grúng í féin mar bhuachaill agus tá gáire aici a chuirfeadh an tsráid ina stad. Téann an triúr síos go dtí an abhainn chun útamáil thart ansin ar feadh tamaill le buachaillí eile ón cheantar.

 

Caibidil a Dó

I gcaibidil a dó, cuireann muid aithne ar Chrant.  Ní duine ródheas é Crant.  Cuireann sé sop i dtóin fhroig agus séideann sé isteach go dtí go bpléascann an t-ainmhí bocht.  Ansin baineann Crant a chuid éadaí de agus léimeann sé isteach san abhainn shalach; abhainn atá lán de sheanbhróga, de theilifíseáin bhriste, agus a leithéidí.  Tagann imní ar Ghrúng nuair nach dtagann Crant ar ais go barr an uisce.  Léimeann an t-údar isteach, cé nach maith leis Crant ar chor ar bith. Feiceann sé Crant. Tá cos le Crant dulta i bhfostú i seantralaí. Tarrthálann an t-údar Crant, cé nach bhfuil fonn ar bith air é sin a dhéanamh mar rinne Crant a lán rudaí gránna dósan.

 

Caibidil a Trí

Sa chaibidil seo. Téann an triúr cairde go dtí an t-iarnród, áit a ghnáthaíonn siad go minic. Feiceann Grúng burla éigin ar an iarnród. Ceapann an t-údar gur féidir gur buama atá ann ach tá an burla ag bogadh.  Tá coileán ceangailte sa bhurla.  Anois, tá an traein ag teacht ach seasann an t-údar an fód go dtí go n-éiríonn leis an t-ainmhí bocht a scaoileadh.  Stopann an traein ach bheadh an coileán marbh murach gníomh cróga an údair. Ritheann an t-údar isteach i ngairdín chun éalú ó ghardaí na traenach nach bhfuil róshásta go raibh orthu an traein a stopadh.

 

Caibidil a Ceathair.

I gcaibidil a ceathair, déanann an t-údar cur síos ar an ghairdín ina bhfuil luascán, crandaí bogadaí agus linn bheag. Tá fonn ar an údar éalú trí gheata ar thaobh an tí ach tá sé faoi ghlas.  Cnagann sé ar dhoras an tí.  Ní fhreagraíonn aon duine.  Ach iontas na n-iontas tá an doras cistine ar oscailt.  Tá ocras ar an údar agus déanann sé praiseach den chistin ar lorg barra seacláide. Téann an t-údar suas an staighre agus feiceann sé bean i gceann de na seomraí, a lámha agus a cosa ceangailte, a béal stoptha le stoca.  Tá scéin i súile na mná ach sula bhfuil a fhios ag an údar cad tá ag tarlú, léimeann fear éigin air agus suíonn sé ar an údar sa tslí nach féidir leis a lámha a bhogadh.  Ansin tógann an t-ionsaitheoir sábh slabhrach in lámh. Cloiseann an t-údar seordán uafásach an tsáibh. Baineann an fear buile cos den leaba d’aon seáp amháin. Feiceann an t-údar fiacla an tsáibh ag teannadh leis agus draothadh magaidh ar aghaidh an ionsaitheora.  Caitheann an t-údar seile in aghaidh an ionróra agus éiríonn leis punt a mhéire a shá isteach ina shúil dheas. Titeann an sábh as glac an fhir agus greamaíonn sé in íochtar na leapa.  Leis sin, ropann an t-údar bolgán lampa ina aghaidh.  Tá an t-ionróir i bpian uafásach.  Cuireann sé a lámha ar a aghaidh féin agus ag an nóiméad sin tiomáineann an t-údar cos na leapa isteach ina bholg. Tá an t-ionróir ina phleist ar an urlár.

 

Caibidil a Cúig

Tosaíonn caibidil a cúig leis an údar ag ceangal an ionróra suas ar bhealach nach bhféadfadh sé éalú. Baineann an t-údar bróg den ionróir agus cuireann sé méara coise amháin leis isteach ina bhéal ionas go mbeadh sé ag cogaint a mhéar coise nuair a thiocfadh sé ar ais chuige féin arís.  Ansin scaoileann an t-údar an bhean a bhí ceangailte ag an ionróir.  Tá sise an-bhuíoch den údar as ndearna sé di.  Deir an t-údar léi go mba chóir di fios a chur ar na gardaí.  Nuair a fhiafraíonn sí den údar cé hé.  Deir an t-údar go raibh sé ag eitilt os cionn a tí nuair a theip ar a sciatháin agus gurb é an t-aingeal a thit.  Agus é ag imeacht, glaonn an bhean ina dhiaidh le cur in iúl dó go dteastaíonn uaithi rud éigin a thabhairt dó mar chomhartha buíochais ach freagraíonn an t-údar go bhfuil rud éigin aige cheana féin agus tá an rud sin ina aice lena chroí.  Deir sé é sin mar ceapann sé go bhfuil sé níos deise le cloisteáil mar ní fhéadfadh sé a rá léi gur ghoid sé barra seacláide sa chistin uaithi. Ar a bhealach ar ais go dtí a cheantar féin tosaíonn an t-údar ag ciceáil canna folamh timpeall.  Tugann sé cic maith amháin don channa agus faigheann sé cúl iontach, dar leis. Ansin piocann sé suas an canna lena chaitheamh isteach i ngabhdán bruscair sráide.  Tugann fear éigin le croiméal faoi deara é sin agus tugann sé airgead don údar mar aitheantas buíochais as a dhea-iompar poiblí.  Ansin téann an fear le croiméal isteach i dteach tábhairne agus piocann an t-údar an canna amach arís chun leanúint ar aghaidh lena chluiche peile príobháideach, ag ciceáil an channa amhail liathróid síos an tsráid.

 

 

Caibidil a Sé

I gcaibidil a sé, buaileann an t-údar lena chairde Gobdá agus Grúng arís.  Leanann Gobdá agus Grúng an t-údar cé nach bhfuil a fhios ag an údar cad dhéanfaidh sé anois. Téann siad isteach i siopaí áitiúla agus déanann siad rudaí amhrasacha chun spórt a bhaint as lucht freastail na siopaí. Mar shampla, ligeann an t-údar air go bhfuil sé chun earraí ó shiopa a ghoid nó stánann sé ar vallait chustaiméara go hamhrasach. Éiríonn Grúng bréan den amaidí seo agus mar sin téann an triúr acu síos go dtí an carrchlós faoi thalamh.  Is ansin a bhuaileann siad le teifeach ar an staighre ag a bhfuil leanbh óg ina baclainn aici.  Tá an bhean ar lorg déirce agus ritheann smaoineamh leis an údar.  Deir an t-údar lena chairde fanacht ansin go dtaga sé ar ais agus as go brách leis go dtí na siopaí.  Ceannaíonn an t-údar táth bláthanna agus tugann sé don bhean ar an staighre iad mar aon leis an mbarra seacláide a ghoid sé. Lasann aghaidh na mná boichte le buíochas.  Fiafraíonn Gobdá den údar cén fáth go ndearna sé a leithéid ach níl freagra ag an údar dó ach ceist eile a chur air – cén fáth go ndéanann daoine rud ar bith. Ag an deireadh, tá ocras ar an údar agus téann sé abhaile chun greim bia a ithe. Tá máthair an údair ag an mbord ag léamh an nuachtáin agus fiafraíonn sí den údar cá raibh sé.  Amuigh – an freagra a fhaigheann sí óna mac.  ‘Ar tharla aon rud suimiúil?’ arsa an mháthair – ‘Níor tharla rud ar bith!’ arsa a mac, ‘Agus cá bhfuil tú ag dul anois?’ arsa an mháthair arís. ‘Amach arís!’ an freagra a fhaigheann sí óna mac eachtrúil mar is maith leis dul amach.