Dónall Óg

(Ní fios cé chum an dán seo)

*An éadóchas sa dán ‘Dónall Óg’

  • Is léir go bhfuil éadóchas sa dán ‘Dónáll Óg mar tá cailín fágtha ina haonar nuair a d’fhág a buachaill í.  Tá an dealramh ar an scéal go bhfuil sí ag feitheamh clainne mar cloiseann sí ‘focal trom ó lucht an bhéadáin’éadóchas ar an gcailín bhocht mar beidh uirthi a baile féin a fhágáil agus cá rachaidh sí anois?
  • Is soiléir ó thús an dáin go bhfuil éadóchas ar an bhean maidir le cúrsaí grá. Deir an file linn sa chéad véarsa nach raibh buaine ar bith ag baint le grá a buachalla di. Bhí a ghrá cosúil le sneachta a leánn go tapa, nó le gaineamh sa mhuir, nó le leoithne gaoithe trasna gairdíní, nó le tuile thréan a thagann agus a imíonn gan ach an damáiste a rinne a fhágáil ina diaidh.

  • Sa tríú véarsa níl aon dabht ach go bhfuil éadóchas ar an bhfile mar gheall ar ghrá bréagach an bhuachalla mar is léir anois nár thuig seisean cad is grá ann i ndáiríre. Níor tháinig aon rud maith, ach oiread, as an fhíorghrá a thug an file don bhuachaill úd atá imithe anois ach croí dubh agus éadóchas: ’Mo chroí i mo lár gur fhág sé dubh é is ní fheicim ar an tsráid ná in áit ar bith é.’
  • Sa véarsa deireanach tagann an t-éadóchais chun cinn go mór nuair a nochtann an file go bhfuil gach rud a raibh aici goidte ag an leannán lochtach seo (by this wicked lover) a d’imigh uirthi… agus b’fhéidir fiú nach bhfuil a creideamh féin i nDia fágtha aici anois.