Dónall Óg

(Ní fios cé chum an dán seo)

*An fuath sa dán ‘Dónall Óg’

  • Is léir go bhfuil fuath sa dán ‘Dónáll Óg mar tá an cailín fágtha ina haonar nuair a d’fhág a buachaill í gan tacaíocht ar bith. Tá an dealramh ar an scéal go bhfuil sí ag feitheamh clainne freisin. Tá fuath ag an fhile ní amháin don bhuachaill fealltach ach do na comharsana a bhíonn de shíor ag cúlchaint fúithi agus faoina cás: ‘guth gan éadáil…agus focal trom ó lucht an bhéadáin’
  • Ní haon ionadh ach go bhfuil fuath ag an bhean óg don bhuachaill suarach seo. Deir an file linn sa chéad véarsa nach raibh buaine ar bith ag baint lena ghrá di a bhí cosúil le sneachta a leánn go tapa, nó le gaineamh sa mhuir, nó le leoithne gaoithe trasna gairdíní, nó le tuile thréan a thagann agus a imíonn gan ach an damáiste a rinne a fhágáil ina diaidh.

  • Sa tríú véarsa deir an file linn gur fuath léi grá bréagach an bhuachalla mar is léir di anois nár thuig seisean cad is grá ann i ndáiríre. Níor tháinig aon rud maith, ach oiread, as an fhíorghrá a thug an file don bhuachaill úd atá imithe anois ach croí dubh agus uaigneas duairc: ’Mo chroí i mo lár gur fhág sé dubh é is ní fheicim ar an tsráid ná in áit ar bith é.’
  • Sa véarsa deireanach tagann cruth an éadóchais ar an fhuath intuigthe atá neadaithe i gcroí na mná óige seo nuair a nochtann sí go bhfuil gach rud a raibh aici goidte ag an leannán lochtach seo (by this wicked lover) a d’imigh uirthi.. agus b’fhéidir fiú nach bhfuil a creideamh féin i nDia fágtha aici anois.