Dónall Óg

(Ní fios cé chum an dán seo)

*An grá sa dán ‘Dónall Óg’

  • Feictear an grá sa dán ‘Dónáll Óg mar tá an cailín atá fágtha ina haonar nuair a imíonn a buachaill uaithi fós i ngrá leis. Is amhlaidh go bhfuil sí ag feitheamh clainne anois mar cloiseann sí ‘focal trom ó lucht an bhéadáin’ Is soiléir mar sin go raibh grá mór aici don bhuachaill uair agus is dócha go bhfuil fós.
  • a lán íomhánna den ghrá neamhbhuan sa chéad véarsa. Deir an file go raibh grá an bhuachalla cosúil le sneachta a leánn go tapa, nó le gaineamh sa mhuir, nó le leoithne gaoithe sna gairdíní, nó le tuile thréan a thagann agus a imíonn gan ach an damáiste a rinne a fhágáil ina diaidh.

  • Sa triú véarsa ba mhaith leis an fhile an grá atá ina croí don bhuachaill a dhíbirt mar tuigeann sí anois nach raibh aon fhíorghrá ag an mbuachaill sin di. Níor tháinig aon rud maith, ach oiread, as an ghrá a thug an file don bhuachaill úd atá imithe anois ach croí dubh agus uaigneas duairc: ’Mo chroí i mo lár gur fhág sé dubh é is ní fheicim ar an tsráid ná in áit ar bith é.’
  • Ach is é sa véarsa deireanach ina dtugtar an pictiúr den ghrá is mó atá caillte ag an fhile de dheasca an bhuachalla seo, dar liomsa, mar is amhlaidh gur ghoid an buachaill suarach seo chuile rud ón chailín bhocht. Ghoid sé gach bóthar roimpi, ghoid sé a cuid aislingí uaithi, ghoid sé glaine a croí uaithi agus mar bharr ar gach donas, tá grá Dé fiú goidte aige uaithi fosta!