Dónall Óg

(Ní fios cé chum an dán seo)

*An uaigneas sa dán ‘Dónall Óg’

  • Feictear an t-uaigneas sa dán ‘Dónáll Óg mar tá an cailín fágtha ina haonar nuair a d’fhág a buachaill í.  Tá an dealramh ar an scéal go bhfuil sí ag feitheamh clainne freisin mar cloiseann sí ‘focal trom ó lucht an bhéadáin’uaigneas ar an gcailín mar beidh uirthi a bealach féin a dhéanamh as seo amach trí shaol uaigneach gan grá ná tacaíocht ar bith ó athair a linbh.
  • a lán íomhánna uaigneacha sa chéad véarsa faoi ghrá neamhbhuan an bhuachalla. Deir an file go raibh a ghrá cosúil le sneachta a leánn go tapa, nó le gaineamh sa mhuir, nó le leoithne gaoithe sna gairdíní, nó le tuile thréan a thagann agus a imíonn gan ach dochar agus uaigneas a fhágáil ina diaidh.
  • Sa tríú véarsa tá uaigneas ar an fhile mar beidh uirthi a baile féin a fhágáil chun éalú ó chúlchaint táir (vile gossip) na gcomharsan agus ó nach mbeidh inti anois ach cúis náire di féin agus dá muintir: ‘Is mithid dom féin an baile seo a fhágáil, Is géar an chloch, is fuar an láib ann, Is ann a bhfuaireas guth gan éadáil, Is focal trom ó lucht an bhéadáin’
  • Ach is é an véarsa deireanach an véarsa is uaigní, dar liomsa, mar is amhlaidh gur ghoid an buachaill suarach seo gach rud ón chailín bhocht.  Ghoid sé gach bóthar roimpi, ghoid sé a cuid aislingí uaithi, ghoid sé glaine a croí geal uaithi agus níl ach saol uaigneach i ndán di anois, gan muintir, gan cairde agus b’fhéidir fiú amháin gan Dia.