Óchón! A Donncha

Rugadh Pádraig Ó hÉigeartaigh (1871 -1936) i gCiarraí. Phós sé cailín as Conamara agus bhí cónaí orthu i Springfield, Massachusetts.  Bádh a mac go tragóideach nuair a bhí sé 6 bliana d’aois.

*An bás sa dán ‘Óchón a Dhonncha’ le Pádraig Ó hÉigeartaigh

  • Feictear an bás sa dán ‘Ochón a Dhonncha’ mar chaill athair a mhac óg nuair nach raibh an páiste sin ach sé bliana d’aois. Is amhlaidh gur bádh an buachaill bocht go tragóideach agus é ar a bhealach abhaile ón scoil.
  • Sa chéad véarsa déanann an file cur síos ar an uaigh bheag chaol ina bhfuil corp a mhic agus smaoiníonn sé ar an chorp sin ina luí sa talamh fuar.  Tá an t-athair trína chéile ar fad mar tá a mhac óg marbh agus níl an file ábalta an leanbh a adhlacadh in uaigh in Éirinn.

  • Sa dara véarsa déanann an file cur síos ar na bláthanna feoite a bhí lán de bheatha tamall beag roimhe sin, amhail a mhac féin.  Ghoid an bás a mhac uaidh agus tuigeann an t-athair nach dtiocfaidh an páiste óg chuige choíche arís chun áthas a chur ar a chroí.
  • Sa tríú véarsa tá an file bocht cráite nuair a smaoiníonn sé ar bhás a mhic san fharraige mhór. Smaoiníonn an t-athair  nach raibh aon duine ann chun cabhrú lena mhac nuair a fuair sé bás i measc na dtonnta móra. Ba mhaith leis an fhile a mhac a thógáil ar ais arís ón bhás mar sin tá sé lánsásta dul go hifrinn lena shábháil.  Tá línte deiridh an dáin seo an-chumasach ar fad, dar liomsa.