Óchón! A Donncha (1871 -1936)

Rugadh Pádraig Ó hÉigeartaigh i gCiarraí. Phós sé cailín as Conamara agus bhí cónaí orthu i Springfield, Massachusetts.  Bádh a mac go tragóideach nuair a bhí sé 6 bliana d’aois.

*An brón sa dán ‘Óchón a Dhonncha’ le Pádraig Ó hÉigeartaigh

  • Feictear an brón sa dán ‘Ochón a Dhonncha’ mar chaill athair a mhac óg nuair nach raibh an páiste sin ach sé bliana d’aois. Is amhlaidh gur bádh an buachaill bocht go tragóideach agus é ar a bhealach abhaile ón scoil.
  • Sa chéad véarsa tá brón ar an fhile nuair a fheiceann sé an uaigh bheag chaol agus nuair a smaoiníonn sé go bhfuil corp a mhic ina luí sa talamh fuar.  Tá an t-athair trína chéile ar fad mar ní amháin gur chaill sé a mhac óg ach cuireann sé isteach go mór ar an fhile nach raibh sé ábalta an leanbh a adhlacadh in uaigh in Éirinn.

  • Sa dara véarsa tagann brón ar an fhile nuair a fheiceann sé na bláthanna feoite a bhí lán de bheatha tamall beag roimhe sin, amhail a mhac féin.  Tá brón as cuimse air nuair a thuigeann sé nach dtiocfaidh a mhac chuige a thuilleadh anois chun áthas a chur ar a chroí.
  • Sa tríú véarsa tá brón ar an fhile cráite freisin nuair a smaoiníonn sé ar bhás a mhic san fharraige mhór. Tá brón an-domhain air nuair a smaoiníonn sé nach raibh aon duine ann chun cabhrú lena mhac in am a ghátair. Ta file sásta fiú dul go hifrinn chun a mhac a fháil ar ais.  Tá línte deiridh an dáin an-chumasach ar fad, dar liom.