Óchón! A Donncha

 

Rugadh Pádraig Ó hÉigeartaigh (1871 -1936) i gCiarraí. Phós sé cailín as Conamara agus bhí cónaí orthu i Springfield, Massachusetts.  Bádh a mac go tragóideach nuair a bhí sé 6 bliana d’aois.

 

*An éadóchas sa dán ‘Óchón a Dhonncha’ le Pádraig Ó hÉigeartaigh

 

  • Feictear an éadóchas sa dán ‘Ochón a Dhonncha’ mar tá an file cráite ar fad tar éis bás a mhic agus é gan bheith ach sé bliana d’aois. Is amhlaidh gur bádh an buachaill bocht agus is léir dúinn éadóchas mór ar an fhile.
  • Sa chéad véarsa déanann an file cur síos ar an uaigh bheag chaol ina bhfuil corp a mhic agus smaoiníonn sé ar an chorp sin ina luí sa talamh fuar.  Tá éadóchas ar an fhile mar tá a mhac óg imithe uaidh go deo agus ní bheidh an file ábalta a leanbh dil a adhlacadh fiú in uaigh in Éirinn.

 

  • Sa dara véarsa tá éadóchas ar an fhile agus é ag cur síos ar na bláthanna feoite a bhí lán de bheatha tamall beag roimhe sin, amhail a mhac féin.  Ghoid an bás a mhac uaidh agus tuigeann an t-athair nach bhfeicfidh sé a leanbh óg ag rith chuige choíche arís chun áthas a chur ar a chroí.
  • Sa tríú véarsa feicimid t-éadóchas sa tríú véarsa nuair a smaoiníonn an file ar bhás a mhic san fharraige mhór. Smaoiníonn an t-athair nach raibh aon duine ann agus an t-éadóchas arís nuair a deir an t-athair go mbeadh sé lánsásta dul go hifrinn féin chun a mhac a shábháil.  Taispeánann línte deiridh an dáin seo an t-éadóchas mór atá ar an athair, dar liomsa.