Óchón! A Donncha

Rugadh Pádraig Ó hÉigeartaigh (1871 -1936) i gCiarraí. Phós sé cailín as Conamara agus bhí cónaí orthu i Springfield, Massachusetts.  Bádh a mac go tragóideach nuair a bhí sé 6 bliana d’aois.

*An grá sa dán ‘Óchón a Dhonncha’ le Pádraig Ó hÉigeartaigh

  • Feictear an grá sa dán ‘Ochón a Dhonncha’ mar tá an file cráite ar fad tar éis bás a mhic agus é gan bheith ach sé bliana d’aois. Is amhlaidh gur bádh an buachaill bocht agus is léir dúinn ón dán seo go bhfuil grá mór aige dá mhac..
  • Sa chéad véarsa déanann an file cur síos ar an uaigh bheag chaol ina bhfuil corp a mhic agus smaoiníonn sé ar an chorp sin ina luí sa talamh fuar.  Tá an t-athair ag taispeáint a ghrá mór mar tá a mhac óg imithe uaidh agus níl an file ábalta fiú a leanbh dil a adhlacadh in uaigh in Éirinn.

  • Sa dara véarsa déanann an file cur síos ar na bláthanna feoite a bhí lán de bheatha tamall beag roimhe sin, amhail a mhac féin.  Ghoid an bás a mhac uaidh agus tuigeann an t-athair nach bhfeicfidh sé a leanbh grámhar ag rith chuige choíche arís chun áthas a chur ar a chroí.
  • Sa tríú véarsa feicimid an grá nuair a smaoiníonn an file ar bhás a mhic san fharraige mhór. Smaoiníonn an t-athair nach raibh aon duine ann chun cabhrú lena mhac nuair a fuair sé bás i measc na dtonnta móra. Feicimid an grá mór arís nuair a deir an t-athair go mbeadh sé lánsásta dul go hifrinn féin chun a mhac  shábháil.  Taispeánann línte deiridh an dáin seo an grá cumasach atá ag an athair dá mhac, dar liomsa.